Seachtain na Gaeilge 2019

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn. Déantar ceiliúradh ar an bhféile in go leor tíortha eile gach bliain freisin.

Maireann an fhéile náisiúnta níos mó ná coicís ach socraíodh gur leor seachtain amháin ceiliúrtha in John Scottus. Crochadh an  bhratach ag geataí na scoile agus crochadh na póstaeir agus na balúin ar fud na scoile agus bhí gach rud ar tí tosú.

Bhí spiorad na haontachta le brath go láidir tríd an tseachtain; chabhraigh daltaí an Chúigiú Bliain le maisiú na scoile; chabhraigh ard-chinnire na mbuachaillí David, le gach duine an phaidir don daonnacht a rá, chabhraigh ard-chinnire na gcailíní, Aisling, le gach duine Ár n-Athair a rá. Ansin bhí ról ag Richard mar aistritheoir ag Mark fad is a bhí sé ag caint maidir lenár ngaol leis an nGaeilge, agus maidir le duine de hambasadóirí na Seachtaine náisiúnta, Linda Ervine. Is Protastúnach í atá ina cónaí i mBéal Feirste agus tá sí ag múineadh na Gaeilge do mhuintir na háite ansin, rud a bhí an-chonspóideach nuair a thosaigh sí amach.

Fógraíodh ar an Luan freisin go mbeadh 3 chomórtas á reáchtáil le linn na Seachtaine freisin, comórtais a bhí oscailte do gach duine; bhí ar na daltaí liosta fhoireann na scoile a aithint óna a n-ainmneacha Gaeilge, ansin bhí comórtas chun an leagan ceart den aistriúchán a aithint, agus an tríú ceann ná mana na scoile a nascadh leis an nGaeilge agus é a léiriú i slí ealaíonta.

Ba í Nina Tandy ón gcéad bhliain a bhuaigh an chéad chomórtas and Danú Kinlay a bhuaigh an dara ceann. Tá an tríú comórtas fós ar oscailt!

Ar an gCéadaoin, chabhraigh daltaí an Tríú Bliain agus daltaí na hIdirbhliana chun leideanna a scaipeadh ar fud na scoile don Tóraíocht Taisce. Tugadh deis do na daltaí sa Dara agus sa Chéad Bhliain a n-eolas agus a gclisteacht a thaispeáint. Tugadh leideanna dóibh agus ansin ligeadh amach iad chun na freagraí a fháil. Bhí an-spraoi acu cé go raibh ról ag an ngaoth cuid de na freagraí a chur i bhfolach!

Ba iad Adam Free agus Vishal Somasandaram a bhuaigh sa Dara bliain, agus Theo Murphy,lAnahita Aryan agus Johanna Costello a bhuaigh sa chéad bhliain. Fuair siad ubh an duine mar bhronntanas!

Bhí idir spraoi, chluichí agus scannáin Ghaeilge ar siúl sna ranganna an chuid eile den seachtain. Mar dlaoi mhullaigh ar an ócáid ar fad, eagraíodh “Kahoot” uile-scoile bunaithe ar Thithe na Scoile. Bhí an bua ar Christian, Faolán, Jingwen agus Otis ón teach Ares! Tháing Alicia, Grace agus “Jim2” sa dara háit. Maith sibh ar fad as an iarracht.

Share this: